
Tá Grúdlann 9 bhFianna Bána i nGaeltacht Mhúscraí tar éis beoir a sheoladh chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga dúchais. Beidh an Seoladh Oifigiúil ar siúl ar an Satharn 17ú Márta, Lá Fhéile Pádraig, i dtabhairne An Muileann, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí. Is é an rud atá eisceachtúil ná go bhfuil lipéad an bhuidéil agus an bhrandáil ar fad as Gaeilge seachas an liosta comhábhar, tugtar an liosta sin i nGaeilge agus i mBéarla. Deoch is ea ‘Ól-é’ a chruthaíomar chun daoine a chur ag smaoineamh níos mó ár dteanga.
Tá an ghrúdlann anois ceithre bliana ar an bhfód agus 9 mbeoir éagsúil á ngrúdú againn go dtí an ceann seo a thugann suas go 10 sinn agus arís le mar a bheifí ag súil ó Ghrúdlann 9 bhFianna Bána tá an bheoir nua seo saor ó ghlútan. Pilsner atá in “Ól-é”, saghas lágair a cumadh sa Ghearmáin thart ar na 1840’aí, agus tá sí anois ar cheann de na stíleanna beorach is mó éilimh ar fud an domhain mhóir. Ní haon eisceacht í an tír seo ina sáraíonn díolachán lágair 60% de na beoracha a ceannaítear. (2016 figiúirí ó ABFI). Ní minic a bhacann ceird-ghrúdlanna le mórán den mbeagán spáis atá acu ina dtancanna a úsáid chun lágair a dhéanamh toisc go dteastaíonn roinnt mhaith ama ón lágar éirí aibí. Níl sé d’acmhainn ag na grúdlanna beaga seo trealamh ard-teicneolaíochta a cheannach ná a úsáid chun cleasanna a chur i bhfeidhm agus lágair á dhéanamh. Dá bhrí sin bíonn orthu é a chóiriú ar an modh traidisiúnta, rud a thógann idir sé agus ocht seachtain . Nuair a bhlaisfidh tú Ól-é beidh sé soiléir duit gurb é an traidisiúnta an modh is fearr.
Tá a gcroíthe ag na grúdlannaithe Gordon Ó Luasa agus Don Ó Laoire san iarracht tacú leis an dteanga agus is mian leo í d’fheiscint in úsáid níos mó agus go mbeadh sí le clos á labhairt níos mó. “Cé go bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag leath den bhfoireann sa ghrúdlann léiríonn gach duine meas agus urraim don teanga” a dúirt Don. Beidh roinnt ócáidí móra a bhaineann leis an nGaeilge ar siúl le linn na bliana 2018, ní hamháin Seachtain na Gaeilge atá ag rith ó Márta 1ú-17ú ach tá Bliain na Gaeilge 2018 i gceist chomh maith agus feachtas mór is ea é sin chun dlús a chur leis na hiarrachtaí an teanga a athbheochan. Dar le Gordon “Tá mórán slite ann chun cur le do chuid Gaeilge agus tá acmhainní den scoth anois ann ar nós Duolingo, www.focloir.ie agus www.tearma.ie” Chun teacht ar a thuilleadh eolais faoin mbeoir seo agus a fháil amach conas teacht uirthi bí ag faire ar www.9whitedeer.ie nó lean iad ar Twitter nó Face Book.
Cantar go bríomhar é másea “ól-é ól-é ól-é.”